Sceal Martin Doyle

This is an Irish version of the About Martin Doyle page that was kindly translated by Diarmuid Breathnach.

“Is mar seo a chéadchuireas eolas ar ar an ngléas ceoil seo: agus mé an-óg d’fheicinn m’athar agus feadóga á ndéanamh aige de chraiceann an tseiceamair.” — Martin Doyle.

Martin Doyle at 8 or 9 years oldI mBaile Átha Cliath, Éire, a rugadh Martin ach is cois na farraige i mBré, Co. Chill Mhantáin, a d’fhás sé suas. Ceathrar páiste a bhi sa teaghlach agus an ceol sa bhfuil ag gach duine díobh. Óna óige bhí éifeacht ar leith ag amhránaíocht bhinn a mháthar ar Martin agus is uaithi ansin a d’fhoghlaim sé amhráin atá fanta ina cheann go dtí an lá inniu féin. Deir sé: “Is mar seo a chéadchuireas eolas ar ar an ngléas ceoil seo: agus mé an-óg d’fheicinn m'athair agus feadóga á ndéanamh aige de chraiceann an tseiceamair. Sheinneadh mo sheanmháthair an mileoidean agus thagadh sí ar cuairt chugainn ar an Aoine agus bhíodh foinn á seinm agus á malartú againn.”

I scoil Chaitliceach sna Clocha Liatha mhúin an Bráthair Ó Donnabháin dó conas an fheadóg stáin a sheinnt agus as sin amach is breá leis bheith ag seinnt ceoil go poiblí. Bhíodh an t-orgán béil agus an trumpa á seinnt aige freisin. Bhí banna ceoil aige i dteannta a dheirféir agus a bheirt deartháireacha agus sheinneadh siad gach cineál uirlise, cuid acu sin tobchumtha, dá dtuismitheoirí, dá ngaolta agus do na comharsain. Deir Martin: “Is cuimhin liom in aois 14 dom gur oibríos i dtigh tábhairne ar an mbaile agus go n-iarradh Charlie Byrne, aisteoir agus amhránaí aitheanta, orm an t-orgán béil a sheinnt do na custaiméirí. Thaitin liom riamh bheith ag seinm go poiblí”.

Martin DoyleIn aois 17 dó thosaigh Martin amach ar a phrintíseacht mar innealtóir, é ag obair, íorónta go leor, san fhoirgneamh céanna a bheadh aige féin ar ball mar shaotharlann chun fliúiteanna a sholáthar. Ghlac sé sos ón gceird cúig bliana ina dhiaidh sin chun banna dar teideal ‘The Doyles’ a bhunú agus bhídís ag seinnt ceoil traidisiúnta na hÉireann i gcomharsanacht Bhré. Tamall ina dhiaidh sin chaith sé cúrsa gairid dá shaol ag treabhadh na bhfarraigí móra mar innealtóir mara. Ach d’fhill se abhaile gan móran moille chun filleadh ar a ‘chéad ghrá’ agus a phríomhaidhm sa saol: saothrú an cheoil.

“Tá d’fhealsúnacht shimplí agam fliúit shimplí den chaighdeán is airde a chur ar fáil, gléas a bheidh chun sástachta ceoltóirí, bídís amaitéarach nó gairmiúil. Cé go bhfuil na fliúiteanna seo bunúsach maidir le simplíocht, bíonn éileamh orthu ag cuid de shárcheoltóiri na cruinne.” — Martin Doyle.

Bhíodh ceol á sheinnt aige d’oíche ag seisiúin agus ag gigeanna agus ag deirí seachtaine; i mbliain 1979 chuaigh sé i bpáirtíocht lena chara Noel Gallagher chun píbí uileann agus fliúiteanna a dhéanamh nó a dheisiú..Is faoina choinne sin, d’fhonn trealamh a cheannach, a chuaigh sé ag obair arís mar inealltóir mara, tamall sa Mhuir Thuaidh agus tamaill ar chóstaí na hAifrice agus na Spáinne. I gceann trí bliana bhi a dhóthain saothraithe aige chun scoth na n-uirlisí ceirde a cheannach. D’fhill sé abhaile ar Bhré gur bhunaigh ceardlann i gcomhpháirt le cara eile leis, Johnny Burke; Máirtín ag díriú ar na fliúiteanna adhmaid agus Johnny ar na píbí.

Martin DoyleNíor theip riamh ar fhear an mhisnigh agus i 1984 is go haonraic a d’aistrigh sé síos cois abhann na Deargaile i mBré, go dtí an cheardlann chéanna sin ina ndearna sé a phrintíseacht innealtóireachta. Chomh maith le déantús na bhfliúiteanna bhí sé ag cur lena ioncam trí eagar a choimeád ar innealra sna monarchana sa chomharsanacht sin. Ach faoi 1997 bhí an sceideal crua oibre seo á thuirsiú go rómhór agus bheartaigh sé ar ghnó lánaimseartha a bhunú ar dhéantús na bhfliúiteanna. Níl d’fhealsúnacht aige ach fliúit simplí den chaighdeán is airde a tháirgeadh, uirlis a thaitneoidh le ceoltóirí, bídís amaitéarach nó proifisiúnta. Dá bhunúsaí iad na huirlisí ceoil seo, bíonn éileamh orthu ag cuid de na ceoltóirí agus de na múinteoirí fliúite is fearr ar domhan.

I rith an ama seo go léir lean Martin air ag seinm na fliúite é fein agus á theagasc. Ar feadh tamaill de bhlianta bhíodh an fheadóg stáin agus an fhliúit á dteagasc aige i bPríosún Phort Laoise agus sa Scoil Tionscaidil i mBré. Gan amhras, bhí scata de fhoghlaimeoirí aige go príobháideach, freisin. Bhí saotharlanna minic go maith á reáchtáil san Ungáir aige agus i 2003 bhí sé rannpháirteach sa bhFéile Phan-Cheilteach ansiúd. Bhí páirt aige freisin sa tsraith de cheolchoirmeacha samhraidh i nDánlann Náisiúnta na hÉireann agus sheinneadh sé go rialta ag an mBéal Binn i mBré. Bíonn sé ag taisteal na hÉireann gach bliain chun a bheith páirteach i saotharlanna, i bhféilte ceoil agus ag seisiúin cheoil, é ag seinm agus ag cur a fhliúiteanna ar taispeáint.

“Is anois is léir dom a thábhachtaí a bhi blianta luatha sin mo shaoil chun deimhin a dhéanamh dem’ thuairim gurb é seinm na fliúite is fearr a chuireann le cumas duine an dea-fhuaim a bheith i bhfliúiteanna dá dhéantús féin.” — Martin Doyle.

Martin Doyle playing the fluteChuir Martin fliúiteanna isteach chuig péire taispeantas ceirde / ealaíne agus bhain duaiseanna den chéad ghrád iontu araon. I mbliain 1985 bhain sé Bonn Chomhairle Ceard na hÉireann agus i 1983 bhuaigh se Bonn Óir Chalifornia. Fliúiteanna le Martin a bhíonn á seinnt ag cuid mhaith de sheaimpíni ag Fleánna Ceoil ar fud na hÉireann. Ag cuimhneamh siar ar bhlianta a óige deir sé: “I rith na mblianta tháinig forbairt ar mo dhéantús de bharr na ndearaí éagsúla a thriaileas. Dheineas roinnt tollsamhlacha sorchóireacha. Ach don cheol traidisiúnta is oiriúnaí, dar liom, an toll coirceogach. Sin é mo rogha dearadh faoi láthair agus tig sin mar thoradh ar staidéar na mblianta agam ar mháistirdhéantóirí móra fliúiteanna sna 18ú agus 19ú haoiseanna.”

In ainneoin gurb í an fhliúit adhmaid a rogha gléis maidir le ceol traidisiúnta na hÉireann, seinneann Martin freisin ar an bhfeadóg stáin, ar an bhfliúit chlasaiceach, an maindilín, an bainseo, agus na píbí uileann. Caithimh aimsire aige is ea Aikido, snámh, siúlóid agus grianghrafadóireacht. Tá spéis ar leith aige sa dúlra. Le blianta anuas is spéis leis an machnamh doimhin agus is mór aige an spioradáltacht. I mbliain 2005 d’aistrigh sé as Bré agus is in aice le Lios Ceannúir, Co. an Chláir in iarthar na hÉireann, atá cónai air anois.

Martin Doyle 6 key flute

An grá atá ag Martin ar dhéantús fliúiteanna a spreagann é chun a cheardaíocht a fheabhsú. Mar a deir sé féin:

“Is maith liom gach dícheall a dhéanamh chun dul thar mo chumas i dtreo gurbh i bhfeabhas a rachadh toradh na hoibre. Is tábhachtach liom go dtiocfadh forás ar dhéantús fliúiteanna, go mbeadh radharc agam ar a bhfuil romhainn amach. Níor cheart dúinn staonadh ón dícheall a dhéanamh, cuma cén saothar a bheadh i gceist.” — Martin Doyle.

Agus sin é go díreach a mhothóidh tú ar cheannach fliúite de chuid Martin duit!

Teagmháil — teileafón agus r-phost Martin Doyle.

Ceol agus scéalta le Martin Doyle:

Staidéar Feiniméaneolaíoch arb é Martin Doyle atá i gceist ann:

Return to the Top