Éascaíocht seanma — toncháilíocht |
|
This page was kindly translated by Diarmuid Breathnach.
Fáilte go Fliúiteanna Martin Doyle...
Ó 1983 i leith tá fliúiteanna adhmaid d’ardcháilíocht á ndéanamh ag Máirtín, iad sa chóras simplí; sin iad an cineál fliúiteanna a seinntear ceol traidisiúnta na hÉireann orthu de ghnáth. |
|
I mBaile Átha Cliath, Éire, a rugadh Martin ach is cois na farraige i mBré, Co. Chill Mhantáin, a d’fhás sé suas. Ceathrar páiste a bhi sa teaghlach agus an ceol sa bhfuil ag gach duine díobh. Óna óige bhí éifeacht ar leith ag amhránaíocht bhinn a mháthar ar Martin agus is uaithi ansin a d’fhoghlaim sé amhráin atá fanta ina cheann go dtí an lá inniu féin. Deir sé: “Agus mé an-óg d’fheicinn m’athar agus feadóga á ndéanamh aige de chraiceann an tseiceamair. Sheinneadh mo sheanmháthair an mileoidean agus thagadh sí ar cuairt chugainn ar an Aoine agus bhíodh foinn á seinm agus á malartú againn.” Tuilleadh eolais: Scéal Martin Doyle
|
|
Tá dhá chineál éagsúla á ndéanamh ag Martin: fliúit den chineál Ceilteach agus an fhliúit thraidisiúnta. Gan ghléasanna ceoil ar bith a bhíonn na bunshamhlacha agus is de réir a mbionn de dhíth ón gceoltóir féin a chuirtear leo na sleamhnáin tiúnála agus na gléasanna. Den chrua-adhmad is fearr amuich a dhéanann Martin fliúiteanna: dubh-adhmad na hAifrice, cocus, crann bosca agus rósadhmad. Déanann Martin freastal freisin ar iarratais ar fhliúiteanna d’adhmad dúchasach na hÉireann agus na hEorpa. Tuilleadh eolais: Fliúiteanna
|
|
“Bíonn fuaim álainn ag an bhfliúit lán-adhmaid; níor casadh a leithéid riamh orm ach amháin i bhfliúiteanna Rudall agus Rose atá gan sleamhnán miotail tiúnála. Dar liomsa go méadaíonn an fhliúit seo go mór ar an gcaoi ar féidir anamúlacht an cheoil rince agus na bhfonn mhalla a chur in iúl.” — Ronan Browne. Tuilleadh eolais: Fianaisí
|
|
Nascanna gréasáin i dtreo suímh idir chúnta agus gaolmhar: Nascanna
Cá n-aimseod Martin Doyle? Sonraí: Teagmháil
Cabhair seoltóireachta uait? Féach ar an mapa suímh nó:
Cuardaigh fliúiteanna Martin Doyle
|
|
Tá Martin Doyle ag tacú le cosaint agus le húsáid inbhuanaithe Dhubhadhmad na hAfraice — adhmad a úsáideann déantóirí uirlisí ceoil go forleathan. Tig leatsa freisin sin a dhéanamh! D'fhonn a thuilleadh a fháil amach, tabhair cuairt ar an leathanach faoi Caomhnú Dhubhadhmad na hAfraice. |